Ailtireacht faoin fhearthainn

BEOCHEIST: THUGAS CUAIRT ar cheann de sheoda na Seice, cathair nach í Prág ná Ceský Krumlov ná Karlovy Vary í

BEOCHEIST:THUGAS CUAIRT ar cheann de sheoda na Seice, cathair nach í Prág ná Ceský Krumlov ná Karlovy Vary í. In Olomouc in oirdheisceart na poblachta a chaitheas dhá lá ríthaitneamhacha, in ainneoin na báistí. Sea go deimhin, an bháisteach. Ní hé gur thógas-sa aon cheann di, ach is ait le Seicigh í. Táid cleachtach ar an sneachta agus ar an bhfuacht agus gléasaid de réir an tséasúir agus na teochta. Ach díol iontais i gcónaí acu is ea an bháisteach.

Is í Olomouc an séú cathair is mó sa tír seo í, agus feictear dom gurb áille í ná Prág féin. Ar ndóigh, ba gheal le muintir an bhaile an plámás céanna, ach an fhírinne a dheineas. Bhíodh saighdiúirí Rúiseacha ar iostas ann go dtí turnamh an Chumannachais, ceantar ar leith acu ar imeall na cathrach, siopaí Rúiseacha, pictiúrlann Rúiseach agus fáil ar sheirbhísí eile trí mheán na Rúisise acu ann. Chuirfeadh a leithéid de shamhail an Iaráic tar éis ionradh Mheiriceá i gcuimhne duit.

B’fhacthas dom ar an bpointe nach aon Phrág í an Olomouc seo. Ganntanas grúpaí siúlóirí, gona gceannaire agus scáth fearthainne nó brat náisiúnta an ghrúpa á iompar aige (sa chaoi agus nach n-imeoidís amú i measc na ngrúpaí éagsúla go léir), is túisce a rith liom. Sainchomhartha Prágach na grúpaí seo, ó cheann ceann na bliana. Mar sin féin, is ionann gnéithe áirithe den dá chathair ar ndóigh agus is gleoite iad freisin.

Nílim eolgaiseach puinn ar chúrsaí ailtireachta is léir gur cathair an-spéisiúil í Olomouc ó thaobh na hailtireachta de, lán séipéal de stíleanna éagsúla – barócach, gotach, nua-ghotach is rómhánach. Is suimiúil mar atá na seanfhoirgnimh agus deilbh nua-aimseartha suite in aice a chéile sa Chearnóg Uachtarach.

READ MORE

Dheineas ionadh de dhealbh amháin le turtair agus scríbhinní agus íomhánna ó thraidisiúin éagsúla Eorpacha greanta orthu, i ngiorracht dhá chéad slat do Cholún na Tríonóide Naofa a tógadh mar chomhartha buíochais de chloí na plá a scrios cúige sin na Moráive sa 16ú haois. Ar an gcearnóg chéanna tá clog an-éagsúil go deo.

Is iomaí sin turasóir a sheasann lasmuigh den cholg clúiteach “Orloj” (nó an clog “réalteolaíoch” mar is eol do Bhéarlóirí é) i bPrág ar bhuille na huaire agus ceamara ina ghlaic aige chun turais na n-aspal a thaifead.

Is amhlaidh a bhí clog den chineál céanna in Olomouc leis, gur athchóiríodh i rith ré an Chumannachais é faoi anáil stíle darb ainm “an Réalachas Sóisialach”.

Seachas íomhánna mórthaibhseacha ná deilbh bheaga shlachtmhara ag léiriú an chreidimh Chaitlicigh, suáilcí na maithe in aghaidh an oilc, bua an tsolais ar an doircheacht ná aon cheo mar sin, is éard atá ann fíoracha ionadaíocha d’fhís idéalach na gCumannach – meicneoirí, mianadóirí agus oibrithe monarchan i mbun a saothair. An fíorach is spéisiúla b’fhéidir imreoir eitpheile na ndúlach fionn, agus í ard tanaí.

Leanadh den fhiosrú is den fhionnachtain. Ba é an chéad uair agam “prior” a fheiceáil. Nós (polasaí?) a bhí ann faoi réimeas na gCumannach na “prior”anna seo a thógaint i lár na gcathracha, ar na cearnóga nó in áiteanna lárnacha a mbeadh daoine ag casadh ar a chéile iontu, mar fhreagra ar ionaid siopadóireachta an Iarthair.

Is éard atá sna “prior”anna seo struchtúir gháifeacha ollmhóra a bhfuil siopaí den uile shórt iontu – nach ionann sin agus na hionaid siopadóireachta atá againn féin, déarfá – ach gur minic a deineadh scrios ar dhealramh agus ar shainchuma na gcathracha agus iad seo dingthe isteach i measc fhoirgintí eile na háite.

Ní beag beann ar a dtimpeallacht a deineadh iad a chur ann, ach d’aon turas mar léiriú beacht ar chumhacht agus ar bheocht/réaltacht an réimis, agus a chuid cuspóirí.

Os comhair “prior” Olomouc tá eaglais mhór a bhfuil túr míleata de shórt éigin ar an taobh uachtarach di. Cearnóg a bhíodh in áit an phrior seo, ach thabharfá an leabhar nach mbíodh aon ní ach é san áit chéanna ó thús ama i ngeall ar a thréine agus a theanntás.

Déarfá gurbh anuas ó na Flaithis a thit sé, agus é gob ar ghob lena bhfuil ina thimpeall. “An Brúidiúlachas Francach” a thugtar ar an stíl ailtireachta seo, agus ba mhinic é á chleachtadh ag na Cumannaigh. Gránna atá prior seo Olomouc, ach ar ndóigh tá mealladh ansin leis. Baineann alltacht éigin ar deacair í a mhíniú.

Mairg nár fhéadamar fuireacht in Olomouc tamaillín níos faide, ach dualgaisí an tsaoil i bPrág a thug orainn slán a fhágaint ag an gcathair álainn seo. Má thiocfaidh tú sall chun na tíre seo go deo, téigh ann!